Is féidir a rá gur thosaigh stair na bithcheimice leis na Gréagaigh anallód, a raibh suim acu i gcomhdhéanamh agus i bpróisis an tsaoil, cé gur cuireadh tús le bithcheimic mar dhisciplín go luath ag tús an 19ú haois. Mhaígh roinnt daoine go mb’fhéidir gurb é tús na bithcheimice ná nuair a thángthas ar an chéad einsím, diastáis (ar a dtugtar aimileáis inniu), sa bhliain 1833 ag Anselme Payen,[1] bíodh is gur mheas cuid eile gurb í breith na bithcheimice ná an chéad léiriú ag Eduard Buchner den phróiseas bithcheimiceach casta ar choipeadh alcólach, in úisc gan chill.[2]. B’fhéidir go ndéarfadh cuid acu obair thionchar Justus von Liebig ó 1842, Chimie organique appliquée à la physiologie animale et à la pathologie, (Gaeilge: Ceimic orgánach ina fheidhmeanna maidir le fiseolaíocht agus paiteolaíocht.) a chuir teoiric cheimiceach mheitibileachta i láthair, nó níos luaithe fós, i staidéir an 18ú haois ar choipeadh agus riospráid le Antoine Lavoisier.[3]